Click here for Index
                                               Email: info@searcs-web.com

                                               Searc's web Guide to Tarlach Ó hUid (1917-1990)


Tarlach Ó hUid was born in London to Ulster Unionist parents. As a youth he joined the Gaelic League and learned to speak Irish. In 1938 Ó hUid joined the IRA in Belfast and became editor of the republican newspaper War News. He also ran a republican radio station until he was interned in Crumlin Road and Derry Gaols in 1940. Ó hUid's first novel An Bealach Chun a'Bhearnais (1949) was written while he was in Crumlin Road Gaol and was smuggled out of the prison in a laundry box. On his release in 1945 Ó hUid became a noted Irish language writer and editor of the Irish language daily newspaper Inniu. Ó hUid published many novels and short stories, including: Taobh Thall de Teoraninn (1950); An Dá Thrá (1952); Adios (1975) and a collection of poetry Rachtanna (1975) as well as a volume of autobiography entitled Ar Thoir Mo Shealbha (1960) from which the extract below is taken. Ó hUid contributed articles to the Irish News until shortly before his death on October 30th, 1990.©

Shiúil an Caoilteamán síos suas os comhar an ranga, agus aghaidh gach duine againne á ghrinniú go cúramach aige. Sheas sé nuair a tháinig sé fad liom. Níor thóg mé mo shúile den urlár. Bhog sé leis ar aghaidh. D'Fhill sé ar ball, agus mhotaigh mé a shúile dúcha duibhlionnacha ag dul tríom arís. Ach dímigh sé anonn chuig Davidson, agus ainneoin nár labhair sé agus nár chroith sé a chloigeann d'aithin mé ar dhreach Davidson go raibh an Caoilteamán i sáinn.
Níor seoladh díreach ar ais go dtí an cillin mé. Thug Morwood suas an staighre leis mé, go dtí léibheann leathan i mbarr an fhoirgnimh.
'Is dócha nár mhiste leat tamall spaisteoireachta a dhéanamh?' ar seisean. Mhaireamar deich nóiméad ag siúl anonn is anall, eisean ag iarraidh caint a bhaint asam agus mise chomh seachantach agus ab fhéidir liom a bheith. B'fhollasach go raibh sé ag iaraidh a dhéanamh amach ar aithin mise eisean. Chuir Davisdon forrán orm ag ceann an staighre ar ball beag. 'Agus is Meitidisteach thú, Terry? Le hEaglais na hÉireann a bhainim féin. Is iontach liom Protastúnach óg fiúntach bheith gaibhte le drong do ghunnairí Caitliceacha Rómhánacha!' ar seisean.
Ag iarraidh mo mhíthapa a bhaint asam a bhí sé, ar ndóigh.
Bhí mé direach ar tí freagra a thabhairt air nuair a tháinig fionnachrith áirithe orm ag áibsiú dom go raibh contúirt éigin ar mo ghaobhair. Thug mé thart mo cheann - agus fuair an Caoliteamán ar mo chúl, é crom chun tosaigh, bior ar a chluasa agus faghairt ina rosc.
Labhair mé ansin, ag freacairt Davidson de ghlór garbh thaithe nár chosúil ar dhóigh na ndóigheann le mo ghnáthchanúint:
'Mahn dear, ye're quare an' saft! Sure, ye're Church o' Ireland yersel' - an' that's next dure till a Papish!'
Agus focal eile níor labhair mé gur bhain an Caoilteamán (Gregg as Beairic Shráid an Chrann Cuilinn a bhí ann, chuala mé ina dhiaidh) deireach dúile díom agus a dímigh go díomách.
Coinníodh oíche eile mé. Idir an dá linn cheistigh bleachtairí éagsúla mé agus gan mórán dá bharr acu. Rinneadh grianghraf díom le go scaipfí cóipeanna de ar bheairicí uilig na Sé gContae. Níor mhór an chabhair dóibh, é, déarfainn, agus an ghrainc a chuir mé orm féin le linn a dhéanta.
Maidin an tríú lae tugagh go dtí oifig an Chaigire Moffat mé. Fear sách dathúil, é i lúb an daichid is dócha, bríste fairsing gailf air, é dea-oilte, dealabhartha. Thug sé tae agus toitíní dom. Phléigh seisean cúrsaí creidimh liom fosta, agus d'aontaíomar le chéile nach raibh aon dealramh leis an gCaitliceachas. Phléigh sé cúrsaí polaitíochta liom, agus d'aontaíomar le chéile go raibh claonadh againn leis an Sóisialachas agus gurbh fhuath linn an Faisisteachas.
Bhí sé as cuimse 'oscailte,' agus mise mar an gcéanna.
'Níl ionamsa ach póilín, ar ndóigh', ar seisean. 'Is cuma liomsa Union Jack, Trídhathach nó Brat Dearg. Cibé Rialtas a bheas i gcumhacht sa tír seo beidh feidhm le mo leithéidse.'
D'aontaigh mé leis an tuairim sin.
'Cad chuige, mar sin, a mbíonn sibhse ag lámhach póilíní?'
Tháinig sé aniar aduaidh orm leis an gceist, ach níor beireadh gairid orm. Dhearbhaigh m'e nach raibh fáth ar bith agam le póilín nó duine ar bith eile a lámhach.
'An bhfuil a fhios agat cad é seo?' ar seisean, agus thaispeáin dom granáid láimhe a bhí ar an matal aige.
'Lámhgranáid, nach ea?'
'An bhfaca tú ceann mar seo ariamh?'
Thug sé isteach i mo láimh é, agus thaispeáin dom na litreacha 'IRA' múnlaithe air. Ní fhaca, go fírinneach, agus chuir mé spéis mhór ann. De bhánmhiotal éigin a teilgeadh é, sílim, agus rinneadh go maith é fosta.
Fear cliste a bhí i Moffat, is cinnte. I ndiaidh an Chogaidh na gConriochta a eagrú (na Naitsithe óga fraochmhara úd a shíl leanúint den chogadh fiú nuair a bhí Hitler féinbhásaithe agus an Vaterland i seilbh an anmhad); cuireadh chun na Pailistíne é le himeachtaí na bpóilíní in aghaidh ghasra Stern a eagrú; mura bhfuil dul amú orm tugadh go dtí an Chipir is go dtí an Chéinia é, go cloistí a chomhairle faoin dóigh as éifeachtaí le Eoka is Mau-Mau a smachtú. Fear cliste, go dearfa; agus murar mhór an tairbhe dó an méad cainte a bhain sé asamsa i mBeairic Shráid Chichester níorbh é mo chlisteacht f6ein a shábháil mé ach an rún daingean a bhí agam gan ligean do mo theanga mo scornach a ghearradh.
Timpeall meán lae ligeadh amach ag spaisteoireacht sa chlós mé, faoi chúram constábla scothaosta. Bé sin an chéad amharc a fuair mé ar an spéir ó gabhadh mé. Lá maránta Fómhair a bhí ann, agus bhí teas lách ann. Agus fear lách a bhí sa chonstábla. Níor luaigh sé ar chor ar bith ar rud a thug ina leithéid áite mé, ach mhair ag siúl síos suas le mo thaobh agus sinn ag comhrá go cairdiúil faoi áilleacht na tuaithe is faoi ainmhithe fiáine; scéilín grinn á aithris agamsa agus cuntas á thabhairt aige faion dóigh ar chruthaigh a fhoireann féin sa tarraingt téide ag Lúthchleasa na bPóilíní ag Tamhnach Naomh. Agus tinne seisean dearmad glan, is dócha, den rún fuilteach a d'fhéadfadh a bheith i mo chroíse, mar a rinne mise den Webley ar a chrios-san.
Tráthnóna déanach, chuir Davidson faoi mo dhéin.
'Táimid ag brath do chur suas go dtí an príosún, Terry,' ar seisean. 'Tá súil agam go mbeidh tú ceart go leor.'
© Searc's Web Guide 1997-2008

20th Century Ireland (1947-2000)    History Index
Can't find what you're looking for? Check out our Research Services
© Copyright Searc.ie 1997-2008