-
Subject Index A-B

-
Subject Index C-F

-
Subject Index G-K

-
Subject Index L-O

-
Subject Index P-Z

|
|
![]() Email: info@searcs-web.com |
|
Séamus Ó Grianna, brother of
Seosamh Mac Grianna, was born in Rann na Feirste,
Donegal.
He was educated locally and at St. Patrick's Teacher Training College, Dublin
before becoming a teacher in Donegal in 1912. Ó Grianna joined the staff of the Ministry of Education in the First Dáil in 1919 and published the first of his many novels Mo Dhá Róisín in 1921. Ó Grianna opposed the 1921 Anglo-Irish Treaty and fought on the republican side during the Civil War. In 1922 he was imprisoned in Mountjoy and Kilmainham Gaols and in the Curragh Internment Camp until the General Amnesty of 1924. In the late 1920's Ó Grianna, like his brother Seosamh, worked for two years for the Free State publishing house An Gúm afterwhich he edited Conradh na Gaeilge's newspaper Fainne An Lae. Ó Grianna, one of the twentieth century's most important Irish language writers, published over twenty volumes of short stories and novels under the pseudonym 'Maire', including: Cioth agus Dealán (1926); Uná Bhán agus Scéalta Eile (1962); Le Clap-Sholus (1967); Oidhche Shamraidh agus Scéalta eile (1968); Caisleáin Óir (1976); Cith is dealáin (1976) and two volumes of autobiography Nuair a Bhí Mé Óg (1942) and Saoghal Corrach (1946) from which the extract below is taken.© Bliain de na blianta sin rinneadh eagarthóir díom ar 'Fháinne an Law' (Sic), páipéar Chonradh na Gaeilge. Bhí an Conradh iontach lag san am agus ni thigeadh an páipéar amach ach uair i gceann na míosa. Ach chonacthas domh gur mhaith páipéar míosa féin. Bhí mé chomh beag i gcéill agus gur shíl mé go dtiocfadh liom an Conradh a athbheochan. Níor thuig mé mar ba cheart go raibh sé caite. Go raibh a sheal tugtha aige, agus in áit iarraidh a thabhairt ar a athbheochan gur chóir dúinn ligean dó bás a fháil go suaimhneach agus gluaiseacht úr a chur ar bun. Agus biodh a fhios ag an tsaol nach le drochmheas ar Chonradh na Gaeilge atá mé á rá sin. Is iomaí alt nimhneach a scríobh mé ar 'Fháinne an Lae'. Is iomaí uair a fuair mé locht ar an Rialtas agust dúirt mé nach raibh ionainn ach náisiún a chodail amuigh, i gcomórtas leis an Fhrainc nó leis an Ghearmáin nó le Sasain. B'fhíor sin, ar ndóigh. Ach murab é an obair a rinne Conradh na Gaeilge sna blianta a bhi caite, ní bheinn féin ná duine ar bith eile á rá gur cheart don Ghaeilge a bheith i gcúrsaí iodeachais mar a bhí an Fhrainchas sa Fhrainc nó an Béarla i Sasain. Ach ar scor ar bith bhí mé i m'eagarthóir ar 'Fháinne an Lae'. Agus ba é an chéad rud a dúirt mé liom féin nach n-iarrfainn ar dhuine ar bith alt a scríobh don pháipéar. Dá bhfaighinn alt maith gan iarraidh ar bith bheadh lúcháir orm roimhe. Ach mura bhfaighinn scríobhfainn féin an t-iomlán de. Sin an locht mór a bhí riamh an pháipéar Ghaeilge. Ní bheadh siad sásta le rud ar bith ach foireann de scríbhneoirí maithe. D'iarrfadh siad ort aiste a scríobh agus, san am sin, b'fhéidir gan aon smaoineamh amháin i do cheann. Níl maith ar bith sa chineál sin oibre. Ná scríobh a dhath choíche mar mhaithe le heagartóir ar mhian leat gar a dhéanamh dó. Ná leag barr pinn ar pháipéar choíche go spreaga an spiorad thú. Agus ansin scríobh é, dá dtiteadh an spéir lena linn. Sin an dearcadh a bhí agamsa san am sin, agus an dearcadh atá go fóill agam. Nuair a thoisigh mé ar 'Fháinne an Lae' cuireadh i gcuimhne domh nach mbeadh cead agam tracht ar gnoithe polaitíochta. Bhí Conradh na Gaeilge 'non-political'! B'fhéidir go raibh, ach sin galar nach raibh ormsa riamh. De réir an dearcaidh a bhí agam níorbh fhéidir an Ghaeilge a thabhairt chun cinn gan Rialtas a rachadh go dtí an dúshraith sna gnoithe agus a chuirfeadh an Ghaeilge i réim go díreach mar a rinne na Sasanaigh leis an Bhéarla. Agus mura mbeadh lucht Rialtas sásta sin a dhéanamh, gur cheart a gcur amach agus dream a chur ina n-áit a dhéanfadh é. Ansin bhí fearg orm le daoine a bhí ag iarraidh a chuir i gcéill go raibh gach aon rud ag gabháil ar aghaidh mar d'iarrfadh de bhéal a bheith, agus nach dtiocfadh fiche bliain go mbeadh Éire aris ag Cáit Ní Dhuibhir. Agus bhí a lánoiread feirge orm leis an dream a bhí ag iarraidh meanhshuim a dhéanamh den Ghaeltacht agus ag cur in iúl nach raibh maith ar bith inti. Théinn i mbarr mo chéille nuair a chluinninn daoine á rá dá bhfaigheadh muintir na Gaeltachta, ó dhuine liath go leanbh, bás an mhaidin sin a bhí chugainn gur chuma, nó go raibh a oiread Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus a dhéanfadh cúis. Is minic ó shin a smaoinigh mé nach raibh leath mo sháith céille agam nuair a bhuair mé mo cheann leis na rudaí seo ar chor ar bith. Os a choinne sin, b'fhéidir nach dtoicfadh liom an páipéar a líonadh ar chor ar bith mura mbíodh aon duine le fearg a chur orm. 'Fáinne' na Féile Pádraig an chéad uimhir a scríobh mé. Agus bhíonthas ag súil go mbeadh moladh agam, mar ba ghnách, ar an dóigh ar caitheadh an 'Fhéile Náisiúnta.' Thoisigh mé féin agus dúirt mé, ar ndóigh, go raibh príomhalt i nGaeilge ar a leighéid seo de pháipéar an lá sin. Go raibh mórán daoine a thug a móide ar maidin (agus a rinne a chomlíonadh) nach labharfadh siad ach Gaeilge ó éirí go luí na gréine. Agus go raibh seanmóir Ghaeilge ina leithéid seo agus ina leithéid siúd de thithe pobail. Dúirt mé gur mhaith na comharthaí iad sin go raibh an Ghaeilge agus an náisiún sa smeach dheireanaigh. Chuir mé ceist ar mo lucht léite cad é an dóchas a bheadh acu as an Fhrainc dá gcluinneadh siad go raibh aon sean móir amháin i bhFraincis in Eaglais Notre Dame lá i gceann na bliana. Nó cad é a déarfadh siad dá n-insítí dóibh go raibh aiste Bhéarla ar an Daily Mail nó gur dhúirt sagart na paidreacha in Iodáilis sa Róimh aon lá amháin. Ní rabhthas sásta liom ar chor ar bith as na barúlacha a bhí agam ar Fháinne na Féile Pádraig. Ach ba chuma liom. Bhí rún agam aon rud amháin a dhéanamh - mo rogha rud a scríobh agus gan aird ar bith a thabhairt ar lucht an Choiste Gnótha. Toisíodh a chur suime sa pháipéar i gceann tamaill, agus níorbh fhada go raibh a dhá oiread díola air is a bhí air tamall roimhe sin. Ag deireadh na bliana ní hea amháin go raibh a dhola glan aige ach bhí dornán airgid curtha i dtaisce dá thairbhe. Agus is maith liom an méid seo a bheith le rá agam; thairg lucht and[?] Choiste Gnótha - an t-iomlán ach as béal a chéile - t-airgead seo domh féin, cé go raibh cuid acu ag clamhairt orm bunús an ama fá na rudaí a bhínn a scríobh. Rud a thug orm a rá liom féin go raibh fiúntas sa mhórchuid de na daoine, taobh amuigh de pháirtithe is de pholaitíocht. © Searc's Web Guide 1997-2007 |
|
|