-
Subject Index A-B

-
Subject Index C-F

-
Subject Index G-K

-
Subject Index L-O

-
Subject Index P-Z

|
|
![]() Email: info@searcs-web.com |
|
Seosamh Ó Duibhginn was born and educated in County Armagh. He became a journalist in
Belfast where he was imprisoned in Crumlin Road Gaol in 1934 for membership of the IRA.
Ó Duibhginn was interned in the Curragh Camp during World War II alongside Máirtín Ó Cadhain, Brendan Behan and Liam Brady.
Ó Duibhginn published a biography of the 17th century Gaelic poet Brian MacGiolla
Phádraig (1955); a study of the eighteenth century Gaelic poet
Séamas MacGiolla Choille (1972) and Tuairisc (1982).
This extract is from Ó Duibhginn's autobiography entitled Ag Scoileadh Sceoil (1962).©
I ndeireadh Eanáir d'éag Jim Larkin, agus é dhá bhliain déag agus trí scór d'aois. 'Big Jim' faoinar dhúirt Lenin: 'A man of remarkable oratorical talent... a talented leader; agus Seán O'Casey: He led the workers to the tremendous days of 1913.' B'as mo dhúiche féin, láimh leis an Iúr, do Big Jim. Níl fhios agam baileach cén áit ach is sloinne s6ach tréan é Larkin san áit. Ní raibh sé ach óg nuair chuaigh a thuismitheoirí go Liverpool ag tóraíocht slí bheatha. Bhí aithne ag an athair ar Mícheál Daibhéad agus tháinig an buachaill óg faoi anáil an tsean-Fhínín seo go luath ina shaol. Ba óráidí cumasach é Mícheál Daibhéad féin agus d´fhéadfadh sé gurbh é an meas a ßhí ag Larkin air a shaghdaigh eisean chun aithris a dhéanamh air agus an óráidíocht lasánta a shaothrú. Bhí cosúlacht eile acu lena chéilesa mhéid gur faoi chruatan agus faoi anró a chaith an bheirt acu a n-óige. Chronacthas don bheirt ach chomh maith go mba ionnan an troid a bhí le déanamh ag lucht oibre Shasana agus na héireann agus go mba chomhbhráithre san troid sin iad. Sa bhliain 1907 i mBéal Feirste a chuir Larkin tús leis an bhfeachtas chun na n-iobrithe a eagrú. Sular tháining sé ar an bhfód ní raibh aon cheardchumann ceart ann chun oibrithe neamhoilte a chosaint. Aon áit a raibh iarracht déanta roimhe sin ní raibh ann ach iarracht logánta gan éifeacht ná tionchar, agus ní raibh aon bhá ag lucht sheanchumainn na gceardaithe oilte leis. Ar na duganna bhí saol na n-oibrithe fodhaonna. Obair chrua sclábhaí, pá suarach, tithe brocacha, bia bocht agus saothar cloíteach a thugadh orthu cuid mhór biotáille a chaitheamh, ba chiontsiocair le nach raibh i ndán do dhugadoirí ach saol gairid. Chuir Larkin roimhe an saol sin a athrú agus feabhas a chur air. Níor lig sé don fhéar fás faoina chosa. Níobh fhada go raibh stailc ar bun ag dunadóirí Bhéal Feirste agus ag carraeirí Bhaile átha Cliath. Chuir sé eagar ar oibrithe i nDoire. I 1909 bhí stailc i gCorcaigh. Sa bhliain 1909 bhunaigh Larkin The Irish Transport and General Workers Union i mBaile Átha Cliath. B'é an Rúnaí Ginearálta é. Chualthas glór an fháthaigh seo ar fud Fodhla ag misniú na n-íochrarán éirí as an mbrocamas agus saol críostaí daonna a bhaint amach dóibh féin, dá sliocht agus do shliocht a sleachta. Ach níor gan troid, gan tuilleadh cruatain, gan dortadh fola, a bhainfí an chéim sin amach. Chinn na fostaitheoirí an ITGWU a bhriseadh agus Larkin a chur ina thost. I Meitheamh na bliana 1913 d'fhógair siad an cath. Tháinig ceithre chéad acu le chéile i mBaile átha Cliath agus bhunaigh cónascadh. Thug siad fógra dá n-oibrithe an gealltanas seo a thabhairt nnó bóthar a bhualadh: 'I hereby undertake to carry out all instructions given to me by or on behalf of my employers, and further, I agree to resign from the Irish Transport and General Workers Union; and, I further undertake that I will not join or in any way support this Union.' Bhí sé ina dheargchogadh ar an bpointe. Chaill 20,000 oibrí a gcuid oibre, agus níor chomhaltaí den Chumann a lán acu. Bhí an fhearúlacht ag borradh sna sclábhaithe faoi dheireadh. D'ionsaíodh na póilíní na sluaite go míthrócaireach lena smachtíní ar na sráideanna. Ocht mí ar fad, d'ainneoin ocrais, príosúntacht agus marú, a mhair an coimheascar géar. Chuir Comhdháil na gCeardchumann i Sasana longa go Baile Átha Cliath le bia. I Halla na Saoirse hosclaíodh cistin phoiblí chun béilí a thabhairt do na daoine ocracha. Is dual deiridh do gach rud agus níor thaise don fhrithdhúnadh seo é. Is frithdhúnadh bhí ann dairíre mar b'iad na fostaitheoirí ba chúis leis nuair nach ligfidís do na hoibrithe obair a dhéanamh. 'It was a drawn battle,' adúirt Séamus Ó Conghaile faoi. Ní raibh an ceart ar fad aige. Dá bharr foilsíodh don tír go raibh na mílte agus na mílte Éireannach ag iarraidh maireachtáil faoi chóras lofa geilleagrach agus sóisalta agus ghoill sé go mór orthu agus chuir buaireamh consiasa orthu. Freisin ba thoradh sainiúil ar an troid an chaoi ar tháinig aos intleachta na Cathrach chun tosaigh le láimh chúnta a thabhairt don choitiantacht, rud nár mhiste a bheith ann agus nach bhfaighfeá roimhe sin. Ina theannta sin ba théineáil é a chuaigh chun sochair go mór don Irish Citizen Army ina dhiaidh sin i 1916. Le conráth na hoíche rinne mé mo behealach go Halla Thomáis Ághas i Sráid an Choláiste, mar a raibh Big Jim os cionn cláir. Bhí sé ag cur báistí. Bhí an sneachta coscartha sluaisteáilte as an mbealach thart ar an Halla ag oibrithe an Bhardais. Sheas mé sa scuaine fhada a bhí ag fanacht go foighdeach go ligfí isteach san Halla iad chun a radharc deiridh a fháil ar aghaidh an trodaí chalma. Bhí daoine dea-ghléasta ann agus daoine a raibh dungaráithe orthu., lucht caipíní agus lucht hataí, fir a raibh a gcótaí dúnta suas go dtína gcluas acu, mná raibh sealtaí orthu agus mná eile a raibh céim ní ba airde acu sa saol sóisialta. Bhí an slua mór faoi chiúineas agus saol ina thost. Bhí sé ag taomadh ach cuma air go raibh an bháisteach féin faoi bhrón agus ag iarraidh titim lena laghad torann agus ab fhéidir. Trí huaire an chloig a chaith an scuaine ag gabháil thar an gcónra ina nduine is ina nduine. Sa deireadh bhain mé féin amach an áit a raibh an corp. B'fholasach ansin an cion mór a bhí ag na hoibrithe ar Big Jim. Bhí siad corraithe go mór. Scaoil cuid acu lena racht. Thosaigh fir mhóra ag caoineadh. Ní raibh súil thirim san áit. Bhí an chónra ar chróchar a raibh coinnle fada lasta air, garda onóra ina seasamh timpeall air agus orthu sin bhí Mícheál Ó Maoláin agus Barney Conway. Bhí áit shuntasach ag The Plough and The Stars, brat an Irish Citizen Army, arm ar chuidigh Big Jim lena bhunú. Casta thart ar na lámha móra bhí An Phaidrín. Bhí chuile shórt a bhain le Big Jim mór. Ghluais mé go mall thar an gcorp agus amach an doras. I mo chluasa, agus i mo chroí chomh maith, bhí focail adúirt seanbhean: He was a great man, he fought for the people. © Searc's Web Guide 1997-2008 |
|
|